Advertisement
Advertisement

Journalist - Seachtain

Mediahuis

Work From Home, Dublin

  • Salary:

    Not Disclosed

  • Job Type:

    Temporary Part-Time

  • Added:

    27/03/2025

  • Closing:

    16/04/2025

Journalist - Seachtain

Teideal poist: Tuairisceoir Seachtain (páirtaimseartha)

Áit oibre: Cianobair, beidh gá le freastal ar chruinnithe go pearsanta ó am go chéile

Ag tuairisciú do: Eagarthóir Seachtain

Tréimhse an Chonartha: 12 mhí

Uaireanta Oibre: (22.5 uair an chloig/3 lá sa tseachtain)

Ról

Tá deis nua spleodrach againn d’iriseoir a oibreoidh ar shainailt fhada le haghaidh shuíomh gréasáin agus nuachtán Seachtain.

Tá Seachtain agus Mediahuis ag earcú iriseora chun taighde agus tuairisciú a dhéanamh ar cheisteanna tábhachtacha a bhaineann leis an nGaeilge agus an rialtas áitiúil go príomha.

Mairfidh an ról nua 12 mhí agus tá sé á mhaoiniú ag scéim iriseoireachta ó rialtóir neamhspleách na meán, Coimisiún na Meán. Is é seo an chéad uair do Choimisiún na Meán tacú go díreach le hiriseoireacht ar mhaithe le leas an phobail, agus tá Mediahuis na hÉireann ag súil go gcuirfidh an maoiniú ón Scéim Tuairiscithe Daonlathais Áitiúil lenár n-iriseoireacht neamhspleách nuachta agus cúrsaí reatha ar ardchaighdeán a mbíonn iontaoibh aisti.

Fostófar an t-iriseoir ar feadh trí lá sa tseachtain agus oibreoidh siad i dteannta fhoireann Seachtain a chabhróidh leis an té a cheapfar gach réimse den iriseoireacht a fhorbairt, an tábhacht a bhaineann le cruinneas agus cúrsaí dlíthiúla ina measc, chun a chinntiú go mbeidh na hailt oiriúnach lena bhfoilsiú ar ardáin dhigiteacha agus ar theidil chlóite náisiúnta agus réigiúnacha Mediahuis.

Is cuid thábhachtach de ghrúpa Mediahuis é Seachtain, mar fhorlíonadh seachtainiúil leis an Irish Independent agus ar líne, agus leathnaigh sé go podchraoltaí le deireanaí. Tá forbairtí eile beartaithe agus an chuideachta ag leanúint léi ag glacadh go fonnmhar le hiriseoireacht Ghaeilge.

Áireofar ar an obair taighde a dhéanamh ar phríomhthéamaí a bhaineann leis an rialtas áitiúil agus an Ghaeilge, agallaimh a chur ar dhaoine agus cumais iriseoireachta a fhorbairt. Beidh obair níos leithne ar nuachtán Seachtain i gceist freisin, idir chlóite, ar líne agus amharc faoi threoir eagarthóir Seachtain.

An Post i mBeagán Focal

Díreoidh do chuid oibre ar shraith d’ailt dhoimhne a scríobh ina scrúdófar an chaoi a dtéann an rialtas áitiúil i ngleic leis an nGaeilge, agus an chaoi a dtéann sé i bhfeidhm ar an teanga, i raon ceantar, ceantair Ghaeltachta go háirithe. I measc na n-ábhar sin beidh tithíocht, turasóireacht, imirce, cur chun cinn na teanga, an chaoi a dtacaíonn an rialtas áitiúil leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus ceisteanna tráthúla éagsúla eile. Beidh an t-inneachar ar fáil mar ábhar clóite, ar líne, ar fhíseáin agus ar phodchraoladh Seachtain. Nuair is cuí, bainfear úsáid as na hailt ar fhoilseacháin Bhéarla Mediahuis.

Tá muid ag iarraidh duine amháin a fhostú trí lá sa tseachtain ar feadh bliana, ag obair faoi stiúir iriseoirí sinsearacha.

Taithí & Cáilíochtaí (An Bhuntaithí a Theastaíonn & Eolas Riachtanach)

  • Gaeilge líofa idir labhartha agus scríofa
  • Tuiscint iontach ar cheisteanna Gaeilge agus an rialtas áitiúil
  • Is buntáiste é taithí oibre ar iriseoireacht Ghaeilge

Scileanna (idir theicniúil agus neamhtheicniúil)

Teicniúil

  • Teastaíonn sárscileanna cumarsáide
  • Cumas scríbhneoireachta agus eagarthóireachta den scoth
  • An cumas oibriú ar do chonlán féin
  • Buneolas ar na meáin shóisialta
  • Bheadh ??taithí ar phodchraoltaí ina bhuntáiste

Eile

  • An cumas spriocdhátaí a chomhlíonadh agus tabhairt faoi thaighde neamhspleách
  • An cumas cinntí a dhéanamh de réir beartas cuideachta ar do chonlán féin
  • Eolas ginearálta leathan agus tuiscint ar chúrsaí Gaeilge

*Freagair na ceisteanna iarratais i nGaeilge le do thoil. Is fearr freisin CV as Gaeilge.

Share job with friends

Save Search

Your search has been saved to and can be managed from your dashboard

Email Alerts

get alerts

Receive new jobs like this by email

Matching this job role: Journalist

Mediahuis

View Employer Profile

Independent House,
27-32 Talbot Street,
Dublin 1

Job Ref: 002102

Email this Job

Enter the email address you wish to email this job to.

Journalist - Seachtain

  • Work From Home, Dublin
  • Salary: Not Disclosed
  • Closing: 16/04/2025

Didn't have time to apply?

Why not save this job or send it to yourself as a reminder for next time?